Ní Fhoghludha, Áine

Title

Ní Fhoghludha, Áine

Description

Bibliographic Dictionary Entry

Date

1880-1932

Creator

O'Toole, Tina

Source

Munster Women Writers Project, University College Cork

Publisher

Women in Irish Society Project, University College Cork

Rights

CC BY-NC-SA 4.0

Coverage

Munster, Ireland, 1800-2000

Format

Text

Language

en

Type

Text

Subject

Women, Writers, Munster

Contributor

O'Toole, Tina
Nic Carthaigh, Gearóidín
Ní Chochláin, Síle

Birth Date

1880

Death Date

1932

Birthplace

An Móta, an Rinn, Co. Phort Láirge

Place of Association

An Móta, an Rinn, Co. Phort Láirge
Caiseal, Co Thiobraid
Cathair Saidhbhín, Co Chiarraí
Co Cork
Cashel, Co Tipperary
Cahersiveen, Co Kerry

Biographical Text

Saolaíodh í sa Mhóta, an Rinn, Co. Phort Láirge sa bhliain 1880. Múinteoirí bunscoile ab ea a tuismitheoirí agus bhí ceathrar clainne orthu. Bhí an teist ar a hathair gur shármhúinteoir Gaeilge é. Chuaigh Áine go dtí Clochar na Trócaire, Dún Garbhán agus go dtí Coláiste na hOllscoile, Corcaigh mar ar bhain sí BA amach sa Ghaeilge. Chuir sí suim sa cheol agus san ealaíon. Mhúin sí i gClochar na Trócaire, Dún Garbhán, agus i ndá bhunscoil áitiúla, ach briseadh as a post í ar chúiseanna polaitiúla. Bhí ag teip uirthi post eile a fháil agus é beartaithe aici dul ar imirce nuair a bhuail sí le Séamus Ó Néill. Phósadar i 1917, agus chuaigh siad chun cónaithe go dtí Caiseal, Co. Thiobraid Árann. Ní raibh aon pháistí acu. Oileadh Séamus mar mhúinteoir, ach chaill sé a phost tar éis imeachtaí 1916, agus chaith sé tamall i bpríosúin éagsúla. D'oibrigh Áine mar mhúinteoir i dTiobraid Árann ag an am, agus bhí baint mhór aici le Cumann na mBan. Chuaigh a fear céile isteach sna Gardaí Síochána tar éis bhunú an stáit nua, agus chaith an lánúin tréimhsí ag cur fúthu i mBaile Átha Cliath, i gCuan Bhaile na Cúirte agus i gCathair Saidhbhín, Co. Chiarraí. Ní raibh Áine ar fónamh ar feadh na mblianta sular cailleadh í. I gCathair Saidhbhín a d'éag sí agus is sa Rinn a adhlacadh í.

"Ba í an banfhile Gaeilge í ba mhó ar a raibh aird an phobail roimh 1940" (Breathnach agus Ní Mhurchú, Beathaisnéis 2 105). Foilsíodh cnuasach filíochta amháin léi Idir na Fleadhanna agus cnuasach scéalta do leanaí, .i. Brosna. D'aistrigh sí ceithre dhráma le an Athair Gaffney go Gaeilge freisin (Breathnach agus Ní Mhurchú, Beathaisnéis 2 105-107). "Cúrsaí pearsanta agus cúrsaí na hÉireann lena linn féin ab ábhar do na dánta". Bhíodh dán dá cuid ar chúrsa na hÁrdteiste, .i. 'An Chraobh Chrom'. (Ó Góilidhe, Ardteistiméireacht Díolaim Filíochta 396-397), agus ceann eile ar chúrsa na méanteiste, 'Dréachtín' (Ó Góilidhe, Duanaire na Meánteistiméireachta 229).
Cuireadh an dán dár líne tosaigh ''Om luascadh, 'om luascadh' i gcló i ndíolamaí difriúla: Fíon na Filidheachta (Breathnach 1931), An Bhláithfhleasc Bheag (Ní Áinle 1934), 150 de Dhuanta Gaedhilge (Ó Súilleabháin 1936).
(de Hae agus Ní Dhonnchadha 103, 85, 193). Má fhéachaimid ar an tréimhse 1918-1924, le fir an fhilíocht ar fad a foilsíodh i saol na Gaeilge - Tórna, 'Crádh Croidhe Éigeas', Peadar Ó hAnnracháin, Liam S. Gógán, an tAthair P. Ó Duinnín, Piaras Béaslaí, Mártan Lester, Liam P. Ó Riain agus Mícheál Ó Murchú - ach amháin Idir na Fleadhanna le Áine Ní Fhoghludha (Ó Droighneáin 88). "Is iad na "fleadhanna" ná gach buadh a fuair na Gaedhil ar a náimhdibh ó 1916 go dtí 1921" (Ó Droighneáin 89). [Uí Néill, Áine Bean
Ní Fhoghlú, Áine]

Writing Genre

Filíocht
Poetry
Translations
Children's Writing
Aistriúchán
Litríocht leanaí

Geolocation