Title
Ní Dhuinneacha, Áine
Description
Bibliographic Dictionary Entry
Date
1886-1975
Creator
O'Toole, Tina
Source
Munster Women Writers Project, University College Cork
Publisher
Women in Irish Society Project, University College Cork
Rights
CC BY-NC-SA 4.0
Coverage
Munster, Ireland, 1800-2000
Format
Text
Language
en
Type
Text
Subject
Women, Writers, Munster
Contributor
O'Toole, Tina
Ní Chochláin, Síle
Nic Carthaigh, Gearóidín
Birth Date
1886
Death Date
1975
Birthplace
Garrán na gCapall, Béal Átha an Ghaorthaidh, Co. Chorcaí
Ballingeary, Co Cork
Place of Association
Bealach (idir Crois an Ghúlaigh agus Dún Droma, Co. Thiobraid Árann)
Dundrum, Co Tipperary
Callan, Co Kilkenny
Biographical Text
Rugadh í i nGarrán na gCapall, Béal Átha an Ghaorthaidh, Co. Chorcaí. B'iad Cornelius Dennehy agus Mary Hallissey a tuismitheoirí, agus bhí seachtar muirir orthu. Táilliúir ab ea a hathair. Tugadh an chraobh d'Áine i gcomórtais éagsúla amhránaíochta ag feiseanna áitiúla. Bhí sí ag dul lena haintíní, Máiréad agus Síle Ní Ailgheasa, a raibh cáil orthu cheana mar amhránaithe. D'oibrigh Áine mar mhúinteoir i mBealach (idir Crois an Ghúlaigh agus Dún Droma, Co. Thiobraid Árann) agus i gCnoc an Bhile timpeall na bliana 1906, agus bhí ainm oide dhíograisigh uirthi. Chuaigh sí isteach sna mná rialta am éigin idir 1910-1914. Is i mBéal Átha Ragad agus i gCallainn, Co. Chill Chainnigh a bhí sí lonnaithe agus í mar bhall de Shiúracha na Trócaire, agus bhí sí ina huachtarán ar an dá chlochar ar feadh tréimhsí áirithe. <br><br>D'ullmhaigh sí téacsleabhar do ranganna a cúig agus a sé, Leabhar Ghobnatan, a foilsíodh don gcéad uair i 1930. Scríobh sí roinnt drámaí ar éirigh go maith leo i gcomórtais an Oireachtais, mar shampla Bean Sí agus Bean Tí, agus Coisc na Mná Feasa (1941). Bhuaigh sí duais Oireachtais eile sa bhliain 1946 ar scéal do dhaoine óga. Meastar go mbíodh drámaí dá cuid á gcraoladh ar Raidió Éireann. Bhí úrscéal tosnaithe aici sular cailleadh í (Breathnach agus Ní Mhurchú, Beathaisnéis 5 164-165). [Bean Dubh an Ghleanna, Carraigín na mBláth, An tSiúr M.C.]
Writing Genre
Drámaíocht
Plays
Essays
Aistí
leabhair teagaisc