Mhic Néill, Seosaimhín

Title

Mhic Néill, Seosaimhín

Description

Bibliographic Dictionary Entry

Date

1895-1969

Creator

O'Toole, Tina

Source

Munster Women Writers Project, University College Cork

Publisher

Women in Irish Society Project, University College Cork

Rights

CC BY-NC-SA 4.0

Coverage

Munster, Ireland, 1800-2000

Format

Text

Language

en

Type

Text

Subject

Women, Writers, Munster

Contributor

O'Toole, Tina
Nic Carthaigh, Gearóidín
Ní Chochláin, Síle

Birth Date

1895

Death Date

1969

Birthplace

Mainistir Fhear Maí, Co. Chorcaí
Fermoy, Co Cork

Place of Association

Dúrlas Éile, Co Thiobraid Árann
Thurles, Co Tipperary

Biographical Text

Saolaíodh Seosaimhín i Mainistir Fhear Maí. Lucht gnó ab ea a muintir agus bhí cúigear muirear orthu. Bhí Gaeilge ag a tuismitheoirí de réir dealraimh. Fuair Seosaimhín a cuid meanscolaíochta i Scoil Loreto, agus ghnóthaigh sí BA sna Nuatheangacha ó Choláiste na hOllscoile, Baile Átha Cliath. Chaith sí tamall ag múineadh i gCo. Mhaigh Eo, agus ansin sa chlochar i nDúrlas Éile, Co. Thiobraid Árann. Bhí sí páirteach i gConradh na Gaeilge agus i gCumann na mBan i mBaile Átha Cliath agus i nDúrlas Éile.

Bhí sí geallta le Piaras Mac Cana, ach cailleadh é siúd sa bhliain 1919. Phós sí James Mac Neill cúig bliana níos déanaí, deartháir le Eoin Mac Néill, an scoláire mór go raibh baint aige le bunú Chonradh na Gaeilge. Chaith James cúig bliana ina Ard-Choimisinéir ag an Saorstát i Londain, agus ansin fuair sé post mar Phríomh-Ghovarnóir na hÉireann sa bhliain 1928. Bhí rialtas Fhianna Fáil, 1932-1948, go mór i gcoinne oifig an Phríomh-Ghovarnóra, agus briseadh Mac Neill as a phost.

D'éirigh Seosaimhín gníomhach i gcúrsaí polaitíochta. Thug sí tacaíocht do Chlann na Poblachta agus chuaigh sí go dtí an Háig mar Aire na hÉireann sa bhliain 1950. Ba é an chéad uair a tugadh a leithéid de phost do bhean in Éirinn. Chuir sí suim sa cheol agus san ealaín agus bhí baint aici le Bantracht na Tuaithe. D'aistrigh sí Finnsgéalta ó India go Gaeilge; ba é an t-aon leabhar amháin léi a foilsíodh. [Aherne, Seosaimhín]

Writing Genre

Aistriúchán
Translations

Geolocation