Ní Shíthigh, Caitlín

Title

Ní Shíthigh, Caitlín

Description

Bibliographic Dictionary Entry

Date

1886-1938

Creator

O'Toole, Tina

Source

Munster Women Writers Project, University College Cork

Publisher

Women in Irish Society Project, University College Cork

Rights

CC BY-NC-SA 4.0

Coverage

Munster, Ireland, 1800-2000

Format

Text

Language

en

Type

Text

Subject

Women, Writers, Munster

Contributor

O'Toole, Tina
Nic Carthaigh, Gearóidín
Ní Chochláin, Síle

Birth Date

1886

Death Date

1938

Birthplace

Luachma, An Teampall Mór, Co. Thiobraid Árann
Templemore, Co Tipperary

Place of Association

Baile Átha Cliath

Biographical Text

Rugadh Caitlín i Luachma, An Teampall Mór, Co. Thiobraid Árann. Muilleoir ab ea a hathair, David Sheehy, a bhí in bhall parlaiminte idir na blianta 1885-1918. Seisear a bhí sa chlann, agus b'í Caitlín an duine ab óige. Phós a deirfiúr, Hanna (q.v.), Francis Sheehy-Skeffington. Cainteoir Gaeilge ó Cho. Luimnigh ab ea a seanathair, a bhí in aontíos leo. D'aistrigh an teaghlach go Baile Átha Cliath. D'fhreastail Caitlín ar Scoil na nDoimineach, Sráid Eccles, agus ar ranganna do mhná i gColáiste Loreto, Faiche Stiabhna chun céim a bhaint amach sa nua-litríocht ón Ollscoil Ríoga. Ghnóthaigh sí máistreacht chomh maith. Chuir sí suim in imeachtaí Gaeilge. Bhíodh sí istigh ar chomórtais Oireachtais san aithriseoireacht agus théadh sí ar saoire go dtí oileán Árann. Thug sí tacaíocht do ghluaiseacht na mban, mar a dhein a deirfiúracha, Mary agus Hanna. Bhí na deirfiúracha Síthigh cáirdiúil le James Joyce. Phós sí Francis Cruise O'Brien sa bhliain 1912, rud nár thaitin rómhór lena muintir. Is í máthair Conor Cruise O'Brien. D'oibrigh sí mar mhúinteoir sa Scoil Tráchtála, Ráth Maonais. Scríobh sí dhá leabhar do pháistí. Scríobh sí an dráma Apartments mar Fand O'Grady. Leiríodh é in Amharclann na Mainistreach cúpla uair. D'aistrigh Séamus Ó Cuinn go Gaeilge é faoin teideal Na Lóistéirí (1936) (Breathnach agus Ní Mhurchú, Beathaisnéis 4 157-159) [O'Grady, Fand; Cruise O'Brien, Kathleen]

Writing Genre

Litríocht leanaí
Children's Writing

Geolocation